Cé hí Lúsaí?

Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach.

Ach is deacair Lúsaí a smachtú!

Is í Máire Ní Ghallchobhair údar Lúsaí agus is é Peter Donnelly an t-ealaíontóir. Is i mBaile Átha Cliath atá cónaí ar an mbeirt.

Tomhais: Tá sí mór, dearg, agus ag éirí den talamh?
Freagra: An Mháistreás de Róiste agus í crosta!